Faigheann Bernadette inspioráid ó Inis Oirr

Faigheann Bernadette inspioráid ó Inis Oirr

Grianghraf le Cormac Coyne, Inis Oirr.

le Ciarán Tierney

Tá damhsóir atá ag fáil inspioráid ó mhuintir agus ó thírdhreach Inis Oirr le bliain anuas ag óstáil sraith ceardlann le muintir na n-oileán ag am lóin an tseachtain seo chugainn chun a saothar a thaispeáint dóibh.
Ghlac Bernadette Divilly inspioráid ollmhór ó Inis Oirr nuair a bhain sí sult as cónaitheacht coicíse le Comhpháirtíocht Damhsa na Gaillimhe (Galway Dance Project) anseo mí na Nollag seo caite agus tá caidreamh leanúnach aici leis an oileán ó shin i leith.
“Bhí mé ag iarraidh teacht, má tá mé le bheith macánta, le 20 bliain anuas. D’úsáid mé an choicís sin chun siúl timpeall an oileáin, chun na comharthaí ‘as Gaeilge’ a leanúint agus chun éisteacht go domhain leis an áit,” a deir Bernadette.
“Thug sé an-spreagadh dom iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle Ealaíon chun breathnú ar theanga, ar thírdhreach agus ar chorp. Táim ag fáil inspioráid ó thírdhreach an oileáin. Táim ag iarraidh a thuiscint cad a tharlaíonn nuair a chailltear teanga de bharr tráma, trí eisimirce agus imirce, agus cad a tharlaíonn tríd an taithí sin.”
Agus í spreagtha ag scríbhinní daoine ar nós Manchán Magan, Dara O Conaola, agus Nuala Ní Dhomhnaill, tá áthas na Gaeilgfe ath-aimsithe ag Bernadette i 2022.
Freisin, tá sí ag comhoibriú leis an ngrianghrafadóir Cormac Coyne, atá lonnaithe ar Inis Oirr, le híomhánna iontacha a tháirgeadh ag láithreacha éagsúla timpeall an t-oileán.
Is breá léi an chaoi ar mhair ár dteanga dhúchais ar Inis Oirr in ainneoin na gcéadta bliain de choilíniú agus eisimirce; agus tá sí spreagtha ag na daoine ar bhuail sí le chéile le linn sraith cuairteanna fillte ar an oileán le bliain anuas.
“Tá mé spreagtha ag tírdhreach an oileáin. Táim ag obair le rudaí cosúil le feamainn, fuaim na farraige, na taoidí agus suíomhanna naofa ar nós An Relig, Teampall Chaomháin, Cill Ghobnait agus Caisleán Uí Bhriain,” a deir Bernadette.
“Go dtí seo, bhí sé thar a bheith iontach. Bhí mé ag obair le dath agus fabraic, chun ligean don tírdhreach a thaispeáint cad a ghluaiseann é. Fuaimdhreach na háite agus rithim an tsamhraidh.”
Deir Bernadette gur am tábhachtach den bhliain í Samhain, mar gurb é an t-am é nuair a athcheanglaíonn daoine lena sinsir.
Tá sí i mbun an Halla Mhór i gColáiste Ghobnait ag am lóin an tseachtain seo chugainn (Dé Luain, Dé Máirt, agus Déardaoin ó 1 go 2pm agus Dé Céadaoin ó 1.30 go 2pm) chun bualadh le muintir Inis Oirr, chun foghlaim uathu agus chun a cuid oibre ar an oileán a thaispeáint dóimh.
“Tá na ceisteanna seo go léir agam. Níl na freagraí agam. Tá a lán fiosracht agam. Táim ag féachaint ar an oileán mar stiúideo agus muintir an oileáin mar mhúinteoirí,” a deir sí.
“An tseachtain seo chugainn táim ag tabhairt cuireadh do dhaoine bualadh isteach ag am lóin. Tá mé ag súil go dtiocfaidh muintir an oileáin isteach. Ba bhreá liom mo chuid oibre le gluaiseacht a insint dóibh.
“Ní bhaineann sé le céimeanna foghlama. Baineann sé le damhsa mar fhoirm léirithe. Baineann sé le léiriú damhsa a aimsiú trí ghnáth rudaí, trí shuí, seasamh, siúl agus luí síos. Ag sos agus ag bogadh, agus ansin ag teacht isteach i dtéama.”
Pléifidh sí téamaí mar an nasc atá againn lenár sinsir, conas tráma a leigheas, cumhacht na gaoithe, agus foghlaim conas scaoileadh saor, a d’eascair as a cuid cuairteanna rialta ar Inis Oirr le bliain anuas.
Ba mhaith le Bernadette na gluaiseachtaí atá forbartha aici ar Inis Oirr le bliain anuas a thaispeáint do na hoileánaigh, ach freisin aiseolas a fháil ó na hoileánaigh féin agus í ag cur in iúl dóibh a creideamh i leith chumhacht an damhsa chun cabhrú le dea-shláinte.
Má tá tú ar Inis Oirr, buail isteach chun í a fheiceáil ag am lóin an tseachtain seo chugainn!
Chun tuilleadh a fháil amach, is féidir leat dul i dteagmháil le Bernadette ag 085 1260931 nó seiceáil ar a suíomh Gréasáin ag https://bernadettedivilly.com/