
Past Events
Bealtaine 2019
FRESH STREET#3
tabharfaidh 250 toscaire Idirnáisiúnta cuairt lae ar Inis Oírr do shraith imeachtaí suíomhoiriúnaithe a bheidh ar bun thart timpeall an oileáin.
Are you there Una?
ARE YOU THERE UNA? le Elaine Mears á chur i láthair ag Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe
Grúpa Fear CFP An Chloigín Ghoirm
Oíche amhránaíochta, scéalaíochta, filíochta agus drámaíochta ó Ghrúpa Fear CFP An Chloigín Ghoirm. Saorchead isteach/ Fáilte roimh chách.
Meitheamh 2019
NA MURPHY BEDS (SÁ) Na Seisiúin Caife
Beidh amhráin traidisiúnta agus seanamhráin á gcasadh ag na Murphy Beds (Jefferson Hamer agus Eamon O’Leary) agus iad ag cur comhcheol agus ceol ealaíonta uirlise ar an bouzouki, giotár agus maindilín leis. Tá seisiúin déanta acu i bpáirt le healaíontóirí as réimse leathan den cheol tíre ina measc Beth Orton, Bonnie ‘Prince’ Billy, Anais Mitchell, agus Sam Amidon
Maria Somerville & Bannna
Filleann Maria Somerville, Iar-Ealaíontóir Cónaithe (2018), ar Inis Oírr.
Seán Ó Coistealbha
Tráthnóna filíochta agus scéalaíochta leis an bhfile, an scéalaí agus an t-aisteoir iomráiteach seo.
Thomas McCarthy
Amhránaí na Bliana Ghradam Cheoil TG4 2019.
NA CONIFERS – Mar chuid de Chraiceann- scoil samhraidh na mBodhrán
Cúigear ceoltóirí óga iad na Conifers agus cúlra láidir ceoil acu uilig. Casann siad ceol fuinniúil bríomhar le fuaim chroíúil agus féachann siad leis an gceol traidisiúnta de bhunú an Chláir, Shliabh Luachra agus Dhún na nGall a choinneáil suas. Feictear é seo freisin sa réimse amhrán Gaeilge agus Béarla atá acu. Cead Isteach: 8.30i.n.
TRODA – Mar chuid de Chraiceann- scoil samhraidh na mBodhrán.
Trí sheans i 2018, ag an bhféile NYAH sa gCabhán, tháinig an grúpa nua triúr seo le chéile. Bhí ceangal éicint eatarthu láithreach agus ní fad mór ina dhiaidh sin gur bunaíodh TRODA.
July 2019
GERRY TOM Ó MURCHÚ & CAIRDE
Seinneann an grúpa meascán mór ceoil agus amhráin iontacha i stíleanna éagsúla, amhráin Ghaeilge den chuid is mó, cinn traidisiúnta agus nua.
MOUSE MCHUGH & JOE WALDRON – Na Seisiúin Chaife
Bí réidh don tsiamsaíocht ó Mouse McHugh, ceoltóir as baile Thuama a chas leo seo a leanas- Timber Tramps, Too Much for the Whiteman, The Midnight Cowboys, Saw Doctors & Na Lounge Lizards. Casann sé meascán stíleanna ina bhealach féin. Ina chuideachta beidh Joe Waldron, seinnteoir giotáir den scoth, as Cloughanover, Áth Cinn. Rifeanna, líocha agus figíní iontacha!
The Unwanted
Cathy Jordan, Rick Epping & Seamie O’Dowd- triúr ceoltóir den scoth a bhfuil a saol tugtha don cheol acu. Gig iontach a bheidh anseo le traidisiúin shaibhre ceoil ó dhá thaobh an Atlantaigh á sheinm acu.
The Raines – Na Seisiúin Caife
Chas na Raines le chéile in Inis Oírr anuraidh, Ruth Dillon a bhíonn ag canadh, ag casadh an ghiotáir, Yvonne Tiernan a bhíonn ag canadh, ag casadh an ghiotáir & ucailéile agus Juliana Erkkonen a bhíonn ar an bhfidil, agus tá siad ag filleadh arís ar an oileán lena n-amhráin ceol tíre a roinnt linn, amhráin le comhcheol álainn agus ceol binn na fidile.
Lúnasa 2019
OSCAILT THAISPEÁNTAS MARGOT QUINN
Taispeántas d’obair Margot faoi ghnáthrudaí laethúla agus d’fhéadfadh rud ar bith a bheith ann ó charnán soithigh le níochán go mainicíní ait nó ceannlíne nuachtáin.
PAT QUINN & A CHAIRDE
Pat Quinn ar ais arís do cheolchoirm eile a dhíolfaidh amach gan aon dabht. Cónaíonn Pat in Inis Oírr, amhránaí/scríbhneoir amhrán le tallann iontach agus is minic a scríobhann sé amhráin bharúla le meascán téamaí ó fhataí go piongainí go Angelina Jolie. Thaifead Christy Moore leagan d’amhrán Phat ‘Lingo Politico’ dá albam is deireanaí.
AN BHEIRT PHÁDRAIG THE TWO PATS – PAT MCCABE & PAT QUINN
Seo seans annamh agus iontach leis an DÁ PHÁDRAIG, sin iad na deartháireacha cleamhnais- an scríbhneoir Pat McCabe agus an t-amhránaí/scríbhneoir amhrán as Inis Oírr Pat Quinn, a chloisteáil ag caint, ag canadh is ag ceol. I measc na bpíosaí a bhéas acu beidh
MOUSE MCHUGH & JOE WALDRON – Na Seisiúin Chaife
Bí réidh don tsiamsaíocht ó Mouse McHugh, ceoltóir as baile Thuama a chas leo seo a leanas- Timber Tramps, Too Much for the Whiteman, The Midnight Cowboys, Saw Doctors & Na Lounge Lizards. Casann sé meascán stíleanna ina bhealach féin. Ina chuideachta beidh Joe Waldron, seinnteoir giotáir den scoth, as Cloughanover, Áth Cinn. Rifeanna, líocha agus figíní iontacha!
Polcaphonc – Ceolchoirm do pháistí le Doiminic Mac Ghiolla Bhríde.
Casfaidh Doiminic amhráin as a leabhar ‘POLCAPHONC’, leabhar nua amhráin Ghaeilge breá bríomhara do pháistí. Fiche amhrán nuachumtha do pháistí atá sa leabhar seo, faoi dhamhán alla santach, taibhse cairdiúil, páistí ag sábháil an domhain agus eachtrannach ón spás le suim thar cuimse i bhfaisean, go háirid in éadaí le polcaphoncanna.
Doimnic Mac Giolla Bhríde & A Chairde
Doimnic will be joined by Frances Morton and a guest guitarist. From Gaoth Dobhair, Doimnic also plays the piano accordion and uileann pipes and has been an enthusiast of Gaeilge culture all his life. He has released five CDs and mostly recently his second children’s book Polcaphonc, a book of songs illustrated by Aras Eanna’s Dara McGee. Prior to his evening concert, Doimnic will host an afternoon children’s concert of songs from this book.
The Raines – Na Seisiúin Caife
Chas na Raines le chéile in Inis Oírr anuraidh, Ruth Dillon a bhíonn ag canadh, ag casadh an ghiotáir, Yvonne Tiernan a bhíonn ag canadh, ag casadh an ghiotáir & ucailéile agus Juliana Erkkonen a bhíonn ar an bhfidil, agus tá siad ag filleadh arís ar an oileán lena n-amhráin ceol tíre a roinnt linn, amhráin le comhcheol álainn agus ceol binn na fidile.
Crowman le Jon Kenny
Crowman le Jon Kenny. Scríofa agus stiúrtha ag Katie Hollie.
Picnic Teaghlaigh
Bígí linn arís don phicnic teaglaigh a bheidh lán le spraoi agus siamsaíocht. Join us again for a fun filled family picnic.
Liam Ó Maonlaí
Beidh fear tosaigh na ‘Hothouse Flowers’ ar stáitse leis féin. Tá an-tóir in Éirinn ar Liam Ó Maonlaí mar cheoltóir agus mar amhránaí traidisiúnta agus rac. Amhránaí (le raon gutha a mbeadh go leor amhránaithe oilte sa gceol clasaiceach in éad leis faoi), scríbhneoir amhrán, ilionstraimí (leanann an liosta), ealaíontóir, péintéir, damhsóir – níos mó tallainne ná mar d’fhéadfá a shamhlú. Thagair Bono babhta do Liam mar ‘Buachaill geal na n-amhránaithe sól is fearr sa domhan’, agus tá sé áirithe…
Mí Mheán Fómhair 2019
Áine Tyrrell & Emily Wurramara
Tá Áine Tyrrell as Co. an Chláir ó dhúchas ag filleadh abhaile as an Astráil go hÉirinn lena halbam nua ‘Return to the Sea’ a sheoladh.
Ag teacht go hÉirinn in éineacht léi tá an tAstrálach, Emily Wurramara a bheidh ag dul ar chamchuairt lena halbam nua a fuair duaiseanna‘Milyakburra’. Tá cion thall ar Áine is beidh cion abhus go luath ar Emily.
Hot Potato Productions present Just Guff
Oíche Chultúir: Man of Aran le scór beo
The iconic 1934 film will be screened with a live,original, contemporary score featuring pedal steel guitar, cello, guitars and electronics by Simon O’Reilly and Alec Brown.
Man of Aran is a 1934 Irish fictional documentary film directed by Robert J. Flaherty about life on the Aran Islands. It portrays characters living in premodern conditions, documenting their daily routines such as fishing off high cliffs, farming potatoes where there is little soil, and hunting for huge basking sharks to get liver oil for lamps. Some situations are fabricated, such as one scene in which the shark fishermen are almost lost at sea in a sudden gale. Additionally, the family members shown are not actually related, having been chosen from among the islanders for their photogenic qualities.
Mí Dheireadh Fómhair 2019
Oíche Mór le Séamus Begley & Donogh Hennessey
Oiche mhór shiamsaíochta a dhamhsa. Fáilte roimh chách.
Mí na Nollag 2019
Margadh na Nollag
Margadh na Nollag - ceardaíocht, ceol, scailtín fíona agus bia. Ón 6 i.n ar aghaidh. Fáilte roimh chuile dhuine.
Mí Eanáir 2020
Súp 7 Sóp
Ón 11go 17 Eanáir 2020 agus lá roimhe sin le réiteach dó. Seachtain craic agus comhoibrithe le beirt de chuid Ros na Rún - Sorcha Fox, scríbhneoir scripte agus aisteoir agus Marie Bheag Breathnach, aisteoir . Is sobaldhráma laethúil agus beo a bhéas i gceist, beidh na carachtair agus na scéalta á gcruthú ag an bhfoireann (aisteoirí aitheanta/aisteoirí nua agus daoine san oileán ar spéis leo seit/feisteas/fearas stáitse) Teastóidh lá ar dtús le casadh le chéile le fáil amach cé…
Aibreán 2020
Áras Éanna Beó – Micheál Ó hAlmhain
Tá a shaol caite ag an bhflúiteadóir Micheál Ó hAlmhain ag casadh agus ag cur chun cinn cheoil traidisiúnta na hÉireann.
Áras Éanna Beó – Ruth Dillon
Is as Co. Thiobráid Árann don t-amhránaí agus cumadóir ceoil Ruth Dillon atá anois loinnithe i gConamara.
Áras Éanna Beó – Liam Ó Maonlaí
Beidh fear tosaigh na ‘Hothouse Flowers’ ar stáitse leis féin. Tá an-tóir in Éirinn ar Liam Ó Maonlaí mar cheoltóir agus mar amhránaí traidisiúnta agus rac
Áras Éanna Beó – Pat Quinn
Cónaíonn Pat in Inis Oírr, amhránaí/scríbhneoir amhrán le tallann iontach agus is minic leis amhráin bharúla a chumadh faoi réimse leathan téamaí ó fhataí go piongainí go Angelina Jolie.
Bealtaine 2020
Áras Éanna Beó – Doimnic Mac Giolla Bhríde
Is amhránaí ar an sean-nós aitheanta Doimnic Mac Giolla Bhríde le cois a bheith ina phíobaire uilleann agus boscadóir den scoth. De bhunadh Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Iar-Thuaisceart Dhún na nGall tá clú domhanda agus príomh duais an Oireachtais, Corn Uí Riada bainte amach aige.
Áras Éanna Beó – Benny McCarthy
Ag trí bliana déag d’aois a thug Benny McCarthy faoin bhosca ceoil faoi stiúir an chairdíneora iomráiteach Bobby Gardiner. Bhuaigh sé faoi dhó ag an Oireachtas i 1994. Casann sé leis an bhanna Danú agus is é an bainisteoir leis. Síos tríd na blianta chas sé i gcuideachta Liam Clancy, Tom Paxton, John Sheahan, Donovan, Donal Lunny, Seán Ó Sé agus go leor eile.
Áras Éanna Beó – Des Dillon
Rugadh Des i nGaillimh ach tá sé ag cur faoi anois ag bun Shléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh, i gCo. Thiobráid Árainn. Tagann an spreagadh dona puipéid lámhdhéanta seo ón dúlra. Tá sé de nós ag Des seachtain a chaitheamh le páistí scoile an oileáin le roinnt blianta anuas. Mar gheall ar an Choróinvíris ní bheidh sé in ann a theacht i mbliana ach tá an seó seo tiomnaithe do pháistí Inis Oírr aige.
Áras Éanna Beo – Dara McGee
Sula bhfuair sé an post mar Stiúrthóir Ealaíne ar Áras Éanna ba dearthóir seit, maisitheoir leabhar, ealaíontóir agus taibheoir é Dara. Leis an Chompántas Drámaíochta Fibín tá seóanna ealaíne bheo ar nós Clann Lir, An Rón Dall agus Mac Piarais i bPictiúir curtha i láthair ag Dara.
Áras Éanna Beo – Dáithí Ó Briain
Ó Bhaile Átha Cliath ó dhúchas do Dháithí Ó Briain cé go bhfuil sé ag cur faoi in Inis Oírr le fiche bliain. Tá guth láidir ag Dáithí a fheileann dona hamhráin agus bailéid a cheolann sé agus a bhfuil idir oileánaithe agus cuairteoirí don oileán ag baint suilt as le blianta.
Meitheamh 2020
Áras Éanna Beo – Noelie McDonnell & Nicola Joyce
Noelie McDonnell and Nicola Joyce will perform an exciting set for this Áras Éanna Beo gig. The Whileaways (‘a knockout of the festival’ at the legendary Port Fairy Folk Festival in Australia’) were due to play live at Aras Éanna back in March but had to be cancelled due to the Coronavirus restrictions. We are delighted to have two thirds of the Whileaways perform on Áras Éanna Beo- Facebook Live. Noriana Kennedy, Noelie McDonnell and Nicola Joyce make up the…
Áras Éanna Beo – Lasairfhiona Ní Chonaola
Is amhránaí/cumadóir amhránaí í Lasairfhíona atá fréamhaithe go domhain i stíl amhránaíochta sean-nóis Oileáin Árann. Tá suim aici chomh maith i réimsí éagsúla ceoil atá le cloisteáil go forleathan faoi láthair. Cloistear guth binn Lasairfhíona an-mhinic ar an raidió ar stáisiúin éagsúla ag baile agus i gcéin. Tá a cur chuige nuálaíoch ar cheol Gaelach agus ar amhránaíocht thraidisiúnta á cheiliúradh ina trí albam iomráiteacha, ‘An Raicín Álainn’, ‘Flame of Wine’ agus ‘One Penny Portion’. Bhí amhrán ón albam 'Flame…
Áras Éanna Beo – Mouse McHugh
18th Meitheamh /June @ 9pm Ceoltóir den scoth ó Thuaim, tá Mouse McHugh ag casadh le blianta I gcuideachta cuid dena ceoltóirí is breátha in iarthar na tíre – macasamhail The Timber Tramps, Too much for the White Man, The Midnight Cowboys, The Sawdoctors agus na Lounge Lizards. Bhí Mouse ag ceol mar chuid de ‘Sheisiúin Áras Éanna’ anuraidh agus chur an luchóigín a raibh san Ionad Ealaíne ag damhsa lena chuid fuaimeanna grúvaíáilte.
July 2020
Áras Éanna Beó – Roisín Elsafty
Tá an domhain mór siúlta ag Róisín ag casadh na hamhráin, í imithe chomh fada leis an tSín, agus mórthimpeall na hEoraipe, asti fhéin, nó i measc ceoltóirí móra ón dtraidsiún in Éirinn. Gabhann sí buíochas faoi leith le Dónal Lunny a spreag í ag tús na siúlóidí seo, agus a thug cuireadh di chuig formhór na dtíortha seo i bhfad i gcéin le fiche bliain anuas.
Áras Éanna Beó – James Dillon
De bhunadh Thiobráid Árainn tá an ceoltóir & scríbhneoir ceoil James Dillon ina bhall don bhanna fuaimiúil The Galway Street Club. Tá James ag tarraingt slua lena ghlór íseal, piachánach chuig gigeanna sa Róisín Dubh, Tigh Whelan agus ar shráideanna na Gaillimhe le roinnt blianta anuas. Seo fear a bhfuil bláthú ag teacht ar a bhuanna.
Áras Éanna Beó – Róisín Mulliez Duo
Is snagamhránaí í Róisín Mulliez a tharraingníonn ar oidhreacht shaibhir Gershwin, Porter & Kern.
Mí Mheán Fómhair 2020
Aerial / Sparks – Galway 2020
Galway 2020 European Capital of Culture presents AERIAL/SPARKS by Louise Manifold in partnership with the Marine Institute Ireland and in association with the Commissioners of Irish Lights; Áras Éanna, Inis Oírr; and Ars Electronica 2020.
Facebook Beo – Oíche Chultúir ar Inis Oírr
Mar chuid de Oíche Chultúir I gcomhphairt le Ealaín na Gaeltachta, beidh Áras Éanna ag craoladh oíche ceol agus amhránaíocht beo ón páirc peile le caisleáin Uí Bhroin faoi soilse mar cúlra.
Mí Dheireadh Fómhair 2020
Event Gaeilge
asdfasdfasdfasd