Áras Éanna Beó – Micheál Ó hAlmhain
Facebook LiveTá a shaol caite ag an bhflúiteadóir Micheál Ó hAlmhain ag casadh agus ag cur chun cinn cheoil traidisiúnta na hÉireann.
Tá a shaol caite ag an bhflúiteadóir Micheál Ó hAlmhain ag casadh agus ag cur chun cinn cheoil traidisiúnta na hÉireann.
Is as Co. Thiobráid Árann don t-amhránaí agus cumadóir ceoil Ruth Dillon atá anois loinnithe i gConamara.
Beidh fear tosaigh na ‘Hothouse Flowers’ ar stáitse leis féin. Tá an-tóir in Éirinn ar Liam Ó Maonlaí mar cheoltóir agus mar amhránaí traidisiúnta agus rac
Cónaíonn Pat in Inis Oírr, amhránaí/scríbhneoir amhrán le tallann iontach agus is minic leis amhráin bharúla a chumadh faoi réimse leathan téamaí ó fhataí go piongainí go Angelina Jolie.
Is amhránaí ar an sean-nós aitheanta Doimnic Mac Giolla Bhríde le cois a bheith ina phíobaire uilleann agus boscadóir den scoth. De bhunadh Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Iar-Thuaisceart Dhún na nGall tá clú domhanda agus príomh duais an Oireachtais, Corn Uí Riada bainte amach aige.
Ag trí bliana déag d’aois a thug Benny McCarthy faoin bhosca ceoil faoi stiúir an chairdíneora iomráiteach Bobby Gardiner. Bhuaigh sé faoi dhó ag an Oireachtas i 1994. Casann sé leis an bhanna Danú agus is é an bainisteoir leis. Síos tríd na blianta chas sé i gcuideachta Liam Clancy, Tom Paxton, John Sheahan, Donovan, Donal Lunny, Seán Ó Sé agus go leor eile.
Rugadh Des i nGaillimh ach tá sé ag cur faoi anois ag bun Shléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh, i gCo. Thiobráid Árainn. Tagann an spreagadh dona puipéid lámhdhéanta seo ón dúlra. Tá sé de nós ag Des seachtain a chaitheamh le páistí scoile an oileáin le roinnt blianta anuas. Mar gheall ar an Choróinvíris ní bheidh sé in ann a theacht i mbliana ach tá an seó seo tiomnaithe do pháistí Inis Oírr aige.
Sula bhfuair sé an post mar Stiúrthóir Ealaíne ar Áras Éanna ba dearthóir seit, maisitheoir leabhar, ealaíontóir agus taibheoir é Dara. Leis an Chompántas Drámaíochta Fibín tá seóanna ealaíne bheo ar nós Clann Lir, An Rón Dall agus Mac Piarais i bPictiúir curtha i láthair ag Dara.
Ó Bhaile Átha Cliath ó dhúchas do Dháithí Ó Briain cé go bhfuil sé ag cur faoi in Inis Oírr le fiche bliain. Tá guth láidir ag Dáithí a fheileann dona hamhráin agus bailéid a cheolann sé agus a bhfuil idir oileánaithe agus cuairteoirí don oileán ag baint suilt as le blianta.
Noelie McDonnell and Nicola Joyce will perform an exciting set for this Áras Éanna Beo gig. The Whileaways (‘a knockout of the festival’ at the legendary Port Fairy Folk Festival in Australia’) were due to play live at Aras Éanna back in March but had to be cancelled due to the Coronavirus restrictions. We are...
Is amhránaí/cumadóir amhránaí í Lasairfhíona atá fréamhaithe go domhain i stíl amhránaíochta sean-nóis Oileáin Árann. Tá suim aici chomh maith i réimsí éagsúla ceoil atá le cloisteáil go forleathan faoi láthair. Cloistear guth binn Lasairfhíona an-mhinic ar an raidió ar stáisiúin éagsúla ag baile agus i gcéin. Tá a cur chuige nuálaíoch ar cheol Gaelach...
18th Meitheamh /June @ 9pm Ceoltóir den scoth ó Thuaim, tá Mouse McHugh ag casadh le blianta I gcuideachta cuid dena ceoltóirí is breátha in iarthar na tíre – macasamhail The Timber Tramps, Too much for the White Man, The Midnight Cowboys, The Sawdoctors agus na Lounge Lizards. Bhí Mouse ag ceol mar chuid de...
Tá an domhain mór siúlta ag Róisín ag casadh na hamhráin, í imithe chomh fada leis an tSín, agus mórthimpeall na hEoraipe, asti fhéin, nó i measc ceoltóirí móra ón dtraidsiún in Éirinn. Gabhann sí buíochas faoi leith le Dónal Lunny a spreag í ag tús na siúlóidí seo, agus a thug cuireadh di chuig formhór na dtíortha seo i bhfad i gcéin le fiche bliain anuas.
De bhunadh Thiobráid Árainn tá an ceoltóir & scríbhneoir ceoil James Dillon ina bhall don bhanna fuaimiúil The Galway Street Club. Tá James ag tarraingt slua lena ghlór íseal, piachánach chuig gigeanna sa Róisín Dubh, Tigh Whelan agus ar shráideanna na Gaillimhe le roinnt blianta anuas. Seo fear a bhfuil bláthú ag teacht ar a...
Is snagamhránaí í Róisín Mulliez a tharraingníonn ar oidhreacht shaibhir Gershwin, Porter & Kern.
Mar chuid de Oíche Chultúir I gcomhphairt le Ealaín na Gaeltachta, beidh Áras Éanna ag craoladh oíche ceol agus amhránaíocht beo ón páirc peile le caisleáin Uí Bhroin faoi soilse mar cúlra.