
Imeachtaí le teacht
July 2022
Michael Mulcahy
Osclófar taispeántas ina mbeidh an chéad ealaíontóir cónaithe riamh in Áras Éanna, Michael Mulcahy, sa ghailearaí san ionad ealaíne ar an Aoine, 8 Iúil (8pm). Tá Mick Mulcahy ar dhuine de na healaíontóirí léiritheacha is cáiliúla in Éirinn agus thaispeáin sé a shaothar do mhuintir Inis Oirr tar éis geimhreadh a chaitheamh ar an oileán ag deireadh na 1980idí. As sin, tháinig an bhrionglóid ionad ealaíne a chruthú sa sean mhonarcháin fíodóireachta ar ár n-oileán beag Gaeltachta. Chaith Mick mí…
Pictiúir daite d’Árann ársa
Inis Oirr, 1939. Beidh deis speisialta ag cuairteoirí go hInis Oirr an samhradh seo nuair a bheidh taispeántas amuigh faoin aer de sheanghrianghraif daite ó na trí Oileán Árann ó mhí Iúil go Meán Fómhair anseo ag Áras Éanna. Bunaithe ar na leabhair ‘Old Ireland in Colour’, bhí acadóirí agus comhúdair OÉ Gaillimh John Breslin agus Sarah-Anne Buckley páirteach i dtrí thaispeántas de chuid dá ngrianghraif daite ag músaeim agus ionaid chultúrtha i nGaillimh, Corcaigh agus Béal Feirste. Agus anois…
Robert Power beo
Robert Power, ar a dtugtar freisin RP Cuirfidh ealaíontóir as Co Thiobraid Árann, a tháirgeann ceol cumhachtach ó chroí, seó speisialta ar siúl in Áras Éanna Dé Sathairn, 23 Iúil. Roghnaíodh Robert, ar a dtugtar RP, do Sheinnliosta RTÉ agus Record Of The Day agus bhí sé ag seinm ag féilte éagsúla ceoil, ealaíon agus amharclainne, ag tacú le healaíontóirí ar nós Jack L agus Jinx Lennon. Beidh banna ceoil iomlán beo in éineacht leis san amharclann in Áras Éanna.
Lúnasa 2022
Taispeántas Dath an Dóchais
Grianghraf le Clive Wasson Osclófar 'Dath an Dóchais', taispeántas a ceiliúrann 40 bliain d’fhísealaíontóirí sa Ghaeltacht, in Áras Éanna i mí Lúnasa. Déanfaidh Údarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta ceiliúradh ar 40 de fhísealaíontóirí na Gaeltachta i dtaispeántas speisialta a bheidh ar siúl ar Inis Oirr ón 5ú Lúnasa go dtí an 18ú Meán Fómhair. Comórann sé 40 bliain de thacaíocht don amharc-ealaíontóirí sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre. Seolfar an taispeántas, atá á choimeád ag Úna Campbell…
Lisa Lambe
Lisa Lambe Tá duine de na hamhránaithe, cumadóirí amhrán agus taibheoirí Gaeilge is mó faoi láthair, Lisa Lambe, ag filleadh ar Inis Oirr le haghaidh seó speisialta in Áras Éanna ar an Dé Sathairn, 13ú Lúnasa 2022. Le guth agus ceol álainn, tá Lisa ag tabhairt banna iomlán go dtí Áras Éanna le haghaidh oíche speisialta ag an ionad ealaíne is faide siar san Eoraip. D’eisigh sí a tríú halbam aonair, 'Wild Red', i mí na Nollag 2021 tar éis…
The Raines
The Raines. Filleann banna ceoil tíre trí phíosa atá lonnaithe i nGaillimh, The Raines, chuig an áit ar thosaigh sé dóimh ceithre bliana ó shin nuair a thagann siad ar ais go Inis Oirr do cheolchoirm in Áras Éanna ar an Dé Sathairn, 20 Lúnasa. Sheol The Raines (Ruth Dillon, Juliana Erkkonen agus Yvonne Tiernan) a ceathrú singil réamh-mheasta ‘Another Lover’, tógtha ón gcéad albam atá le teacht go luath, Dé hAoine 20 Bealtaine. Beidh grá speisialta ag an triúr…
Arán agus Im
Manchán Magan Tá an scríbhneoir agus déantóir clár faisnéise mór le rá Manchán Magan ag teacht go dtí Áras Éanna le seó nua 70 nóiméad a cheiliúrann an Ghaeilge ar bhealach tarraingteach, inrochtana trí arán agus im úr bhácáilte. Is taibhiú drámaíochta é Arán & Im ina bhácálann Manchán arán ar feadh uair a chloig fad is a thugann sé léargas ar iontaisí na Gaeilge; ag ceiliúradh focail mealltacha a bhaineann le tír-dhreach, iomas agus léirstean, chomh maith le abairtí…
Pat Quinn agus a chairde
An t-amhránaí-scríbhneoir Pat Quinn Cé gur as Co. Longfoirt ó dhúchas dó, tá Pat Quinn ina chónaí ar Inis Oirr le breis agus scór bliain anuas agus é ar dhuine de na hamhránaithe is cumadóirí amhrán is mó ráchairt ar an oileán. Tá clú agus cáil ar a chuid amhráin bharúla, spraiúla, agus scaitiúlí polaitiúla buíochas le leithéidí Christy Moore. Roimh an bpaindéim, bhí ceolchoirm bhliantúil Pat Quinn lena chairde ceoil ar cheann de bhuaicphointí na bliana ar an oileán.…
Mí Dheireadh Fómhair 2022
Féile Cartún na Gaillimhe
Tá Féile Cartún na Gaillimhe ag filleadh ar Inis Oirr don tríú bliain as a chéile le trí thaispeántas i ngailearaí Áras Éanna agus roinnt imeachtaí ar an oileán. Ar an Máirt, 4 Deireadh Fómhair, seolfaidh an fhéile an tríú taispeántas bliantúil ‘Tarraing É I nGaeilge’, ina mbeidh roinnt de na cartúnóirí is mó le rá in Éirinn, chomh maith le ‘Still Crazy After All These Years’ ag ceiliúradh 70ú breithlá Tom Mathews, cuairteoir rialta go hInis Oirr, agus ‘James…