Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Féile Cartún na Gaillimhe

Mí Dheireadh Fómhair 4, 2022 @ 5:30 pm - Mí Dheireadh Fómhair 9, 2022 @ 5:00 pm

Tá Féile Cartún na Gaillimhe ag filleadh ar Inis Oirr don tríú bliain as a chéile le trí thaispeántas i ngailearaí Áras Éanna agus roinnt imeachtaí ar an oileán.

Ar an Máirt, 4 Deireadh Fómhair, seolfaidh an fhéile an tríú taispeántas bliantúil ‘Tarraing É I nGaeilge’, ina mbeidh roinnt de na cartúnóirí is mó le rá in Éirinn, chomh maith le ‘Still Crazy After All These Years’ ag ceiliúradh 70ú breithlá Tom Mathews, cuairteoir rialta go hInis Oirr, agus ‘James Joyce Remembered’.

Agus trí thaispeántas á seoladh ar an oileán ag tús mí Deireadh Fómhar bainfidh roinnt de na cartúnóirí is fearr in Éirinn sult as a gcuairt bhliantúil ar Inis Oirr, áit a spreagfar iad le líníocht “beo” ar bhalla i ngailearaí Áras Éanna agus amuigh faoin aer.

Ar an 5ú Deireadh Fómhair, nochtfaidh an t-ealaíontóir Margaret Nolan plaic péinteáilte ag Tigh Ned, teach tábhairne mór le rá an oileáin, ina mbeidh aoir ar stair an tí tábhairne. Tá sé mar chuid de rian plaiceanna trasna na Gaillimhe don fhéile.

Tom Mathews i Tigh Ned.

Details

Start:
Mí Dheireadh Fómhair 4, 2022 @ 5:30 pm
End:
Mí Dheireadh Fómhair 9, 2022 @ 5:00 pm
Event Categories:
, ,
Event Tags:
, , , , , , ,

Venue

Áras Éanna