Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Drawing from the Well

Mí Mheán Fómhair 14, 2022 @ 8:30 pm - 10:30 pm

€15 – €20

Beidh oíche cheoil thraidisiúnta den scoth ar siúl san amharclann in Áras Éanna Ionad Ealaíne ar an Dé Céadaoin, 14ú Meán Fómhair, nuair a thabharfaidh ceathrar de cheoltóirí mór le rá na hÉireann an camchuairt Drawing From The Well go dtí ár n-oileán draíochta.

Tá Brian Mac Gloinn (amhránaí), Laoise Kelly (cláirseach), Cormac Begley (consairtín) agus Edwina Guckian (rinceoir) ag teacht go hInis Oirr mar chuid de chamchuairt náisiúnta.

Choimisiúnaigh Taisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA) an ceathrar ceoltóir chun páirt a ghlacadh sa tsraith ar líne ‘Drawing From the Well’, a nascann taibheoirí traidisiúnta comhaimseartha na hÉireann le bailiúcháin chartlainne ITMA chun saothar nua a spreagadh.

Is iontach iad torthaí an tionscadail seo, a seoladh le linn aimsir an chovid i mí Dheireadh Fómhair 2020.

Beidh ticéid ar díol Dé hAoine seo, 2ú Meán Fómhair, ar leathanach Eventbrite Áras Éanna Ionad Ealaine: https://www.eventbrite.ie/o/aras-eanna-ionad-ealaine-49144750903

Bígí linn le haghaidh oíche iontach anseo ar Inis Oirr!

Details

Date:
Mí Mheán Fómhair 14, 2022
Time:
8:30 pm - 10:30 pm
Cost:
€15 – €20
Event Category:
Event Tags:
, , , , , , ,

Venue

Áras Éanna