Dhá ainmniúchán le haghaidh ‘Laethanta Sona’

Dhá ainmniúchán le haghaidh ‘Laethanta Sona’

An láithreán amuigh faoin aer ar chúl an oileáin. Grianghraif le Cormac Coyne.

le Ciarán Tierney

Léirítear fís iontach an stiúrthóra amharclainne Sarah Jane Scaife le leagan Gaeilge de dhráma Samuel Beckett a chur ar stáitse amuigh faoin aer ar chúl Inis Oirr in dhá ainmniúchán do ‘Laethanta Sona’ ag Gradaim Amharclannaíochta an Irish Times an mhí seo chugainn.

Bhain Sarah Jane úsáid as cónaitheacht míosa anseo in Áras Éanna Ionad Ealaíne, tar éis níos mó ná bliain de dianghlas agus srianta, chun a paisean a chomhcheangal do shaothair Beckett agus an ceann is lú d’Oileáin Árann ag suíomh iontach ag breathnú amach ar an Aigéan Atlantach.

Mar thoradh ar léiriú Company SJ agus Amharclann na Mainistreach, i gcomhar le Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe agus Áras Éanna, tá ainmniúchán le haghaidh Bríd Ní Neachtain mar Aisteoir is Fearr agus Ger Clancy don Láithreán is Fearr.

Ba í Sarah Jane an chéad ealaíontóir cónaithe a d’fhan inár stiúideo tar éis ardú na srianta go luath an samhradh seo caite agus chuaigh sí i mbun oibre ar leagan Gaeilge de ‘Happy Days’ a bhí ar siúl ar feadh seachtaine ar chúl an oileáin.

Ina measc siúd a d’fhreastail ar an léiriúchán go déanach i mí Lúnasa agus go luath i mí Mheán Fómhair 2021 bhí Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, agus a bhean Sabina.

Chuir feidhmíocht Brid Ní Neachtain i ról Winnie an-spreagadh ar gach duine a d’fhreastail, le Judy Murphy (Connacht Tribune) ag cur síos air mar “a leithéid nach bhfaca an léirmheastóir seo ariamh”.

Chuaigh an láithreán, a thóg fir áitiúla ón oileán, agus caighdeán na fuaime ag suíomh dúshlánach os cionn Inis Meáin i bhfeidhm orthu freisin.

Aistrithe ag Micheal O Chongaile as Conamara, tharla an seó toisc go raibh am ag Scaife oibriú leis na haisteoirí agus na dearthóirí láthreán amuigh faoin aer le linn cónaitheachta ceithre seachtaine anseo in Áras Éanna.

Is cuairteoir rialta í Sarah Jane go hInis Oirr le blianta fada agus faigheann sí inspioráid ó tírdhreach, ó mhuintir,agus ó chultúr an oileáin.

Fógrófar buaiteoirí Ghradaim Amharclannaíochta na hÉireann, a chlúdaíonn tréimhse 24 mí mar gheall ar an bpaindéim, in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath, ar an 12 Meitheamh.

Le tuilleadh a fháil amach faoi chónaitheachtaí ag Aras Eanna, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig Dara McGee ag araseanna@gmail.com