Cónaitheacht

Home / Cónaitheacht
Tacaíocht Áras Éanna

Cónaitheacht d’Ealaíontóirí

Tacaíonn Áras Éanna le healaíontóirí trína gclár ‘Ealaíontóir Cónaithe’. Tugann muid spás agus am d’ealaíontóirí lena gcleachtas a fhorbairt agus bíonn deis acu aon obair nua a thaispeáint i dtimpeallacht ar leith an oileáin Ghaeltachta seo.

Fáiltíonn muid roimh iarratais ó ealaíontóirí teacht agus cónaí agus oibriú ar Inis Oírr agus cuireann muid deich gcónaitheacht míosa ar fáil in aghaidh na bliana. Isteach leis an gcónaitheacht tá árasán príobháideach, stiúideo féinchuimsitheach agus cead isteach chuig an amharclann agus na gailearaithe.

Beidh eolas faoi Glaoch Oscailte d’Ealaíontóirí Cónaithe do 2025 ar fáil go luath.

Nollaig 2019: Mick O’Dea PPRHA

Nollaig 2019: Mick O’Dea PPRHA

Is in Inis i gCo. an Chláir a rugadh Mick O’Dea i 1958. Rinne sé a chuid staidéir i gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Dearadh BÁC, Ollscoil Massachusetts Amherst, Scoil Ealaíne Winchester i mBarcelona agus i Winchester áit ar bronnadh Máistreacht sa Mínealaín Eorpach air

Eolas
20190826143033
Deireadh Fómhair 2019 – Toine Horvers

Deireadh Fómhair 2019 – Toine Horvers

Is taibhealaín agus scríbhneoireacht thuairisciúil a dhéanann an t-ealaíontóir Toine Horvers. San obair thaibhitheach a dhéanann sé díríonn sé ar am agus spás go mór mór ó thaobh na disciplíní rince, ceol agus fuaimfhilíocht Sna léirithe bíonn sraith cruinn gluaiseachtaí leagtha amach, le nasc daingean idir an glór agus an ghníomhaíocht fhisiciúil, agus bíonn páirt ag daoine eile iontu go minic.

Eolas
20190727142121
Meán Fómhair 2019: Sorcha Fox

Meán Fómhair 2019: Sorcha Fox

Is aisteoir, scríbhneoir teanga labhartha agus scríbhneoir scripte de chuid Ros na Rún í Sorcha Fox. Le linn a cónaitheacht in Áras Éanna oibreoidh sí ar phíosaí nua faoi fhéiniúlacht agus áit, agus beidh siad seo i nGaeilge agus i mBéarla.

Eolas
20190529142410
Lúnasa 2019: Anna Macleod

Lúnasa 2019: Anna Macleod

Is amharc-ealaíontóir agus taighdeoir neamhspleách í Anna McLeod a chónaíonn i gCo. Liatroma. Trí chineálacha éagsúla amharcealaíne agus próisis dealbhóireachta cuireann sí trasna tuairimí casta faoi léirithe nua-aimseartha, stairiúla agus cultúrtha maidir le húsáid talún.

Eolas
20190529142042
  • 1
  • 2