Beidh Clár 2024 á lainseáil go luath!
Gloach Oscailte d’Ealaíontóirí i gContae na Gaillimhe
Tá ríméad ar Áras Éanna agus Oifig Ealaíon Chontae na Gaillimhe glao oscailte a fhógairt d’ealaíontóirí Chontae na Gaillimhe chun iarratas a dhéanamh ar chónaitheacht in Áras Éanna i Mí Bealtaine. Is é Áras Éanna an t-ionad ealaíon is faide siar san Eoraip, atá suite ar oileán beag Gaeltachta Inis Oírr i gCo na Gaillimhe. ...
Cuireadh chun Tairisceana le haghaidh Meastóireacht Sheachtrach Neamhspleách
Tá tairiscintí á lorg ag Áras Éanna ó dhaoine aonair nó ó eagraíochtaí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu chun meastóireacht sheachtrach neamhspleách a dhéanamh ar an gclár píolótach: AIR on the Edge – Clár Cónaitheachta Idirnáisiúnta d’Ealaíontóirí. Tuilleadh eolais anseo:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2023/10/External-Evaluator-Call-out.docx
‘AIR on the Edge’
Glaoch Oscailte: Is éard atá i gceist le ‘AIR on the Edge’ ná malartú cónaitheachtaí idirnáisiúnta ar feadh míosa d’ealaíontóirí, idir an Danmhairg, an Fhionlainn, Éire, an Ísiltír agus an tSeirbia. Díríonn an scéim ar fhorbairt ghairmiúil na n-ealaíontóirí, ag cur deiseanna ar fáil dóibh oibriú le pobail thuaithe agus nascadh le heagraíochtaí óstacha, pobail,...
Deiseanna d’Ealaíontóirí Cónaithe do 2024
Tá áthas ar Áras Éanna deiseanna d’Ealaíontóirí Cónaithe a fhógairt do 2024. Is é Áras Éanna an t-ionad ealaíon is faide siar san Eoraip, atá suite ar Inis Oírr, oileán beag Gaeltachta, i gContae na Gaillimhe. Tacaíonn an t-ionad le healaíontóirí trína chlár Ealaíontóirí Cónaithe. Cuirimid an t-am agus an spás ar fáil d’ealaíontóirí chun...
Ceardlann le Bernadette Divilly
7.40pm 22/03/23 Ionad Ealaíon Áras Éanna Foghlaim conas a bheith ar do shuaimhneas ag úsáid damhsa – cleachtas de 9 nóiméad roinnte i dtrí chuid: machnamh, gluaiseacht agus ceangal. Tuilleadh eolais ag an nasc seo https://bernadettedivilly.com/presence-for-peace-daily-dance-dates/ 8.00pm 22/03/23 Áras Éanna Arts Centre Ceardlann ar Thionscadal Dheich mBliana na gCuimhneachán: ag tabhairt na foghlama ón am...
Tugann Jessie ceol na hAstráile go hInis Oirr
Beidh ceol agus cultúr iontach i mbéal an phobail in Áras Éanna ar an Dé hAoine beag seo (18 Samhain) nuair a thabharfaidh an t-ealaíontóir Bundúchasach (Aboriginal) Jessie Lloyd amhráin dhúchasacha na hAstráile chuig an amharclann (8in). Is ceoltóir, giotáraí, dord-seinnteoir, agus seinnteoir ukulele ó thrópaicí North Queensland í Jessie, cleachtóir cultúrtha an cheoil...
Faigheann Bernadette inspioráid ó Inis Oirr
le Ciarán Tierney Tá damhsóir atá ag fáil inspioráid ó mhuintir agus ó thírdhreach Inis Oirr le bliain anuas ag óstáil sraith ceardlann le muintir na n-oileán ag am lóin an tseachtain seo chugainn chun a saothar a thaispeáint dóibh. Ghlac Bernadette Divilly inspioráid ollmhór ó Inis Oirr nuair a bhain sí sult as cónaitheacht...
Tá na cartúnaithe ag teacht ar ais go hInis Oirr
le Ciarán Tierney Tá na cartúnaithe ag teacht ar ais don tríú bliain as a chéile. Mar chuid d’Fhéile Cartún na Gaillimhe, beidh taispeántas cartún i nGaeilge ar siúl in Inis Oírr ó thús mí Deireadh Fómhair. Is é seo an tríú taispeántas bliantúil de ‘Tarraing é i nGaeilge’ ar an oileán Gaeltachta. Seolfar an...
Bígí linn ‘beo’ as Inis Oirr anocht
Murar féidir leat a bheith ar Inis Oirr don Oíche Chultúir, is féidir leat a bheith linn beo ar líne! Tá oíche cheoil thraidisiúnta ar siúl ar Inis Oírr le níos mó ná 15 gceoltóir mná ag taisteal ó theach go teach, damhsa ar ‘An Leic’ agus ag críochnú le ceolchoirm saor in aisce in...