Amharclannaíocht am lóin

Home / Amharclannaíocht am lóin

Danger Money

Iúil – Luan go hAoine

DANGER MONEY scríofa & á léiriú ag John McManus. Cónaíonn John in Inis Meáin.

Tá an seó aonair dúghreannmhar Danger Money lonnaithe ar phortach i gCo. Liatroma áit a bhfuil an fear oibre Teddy “the mucker” Tucker ag bailiú móna a thiarna talún i leaba cíos a íoc leis. Insíonn sé scéal a shaoil, cé na háiteacha a raibh sé agus cá bhfuil sé ag dul, má tá sé ag dul in aon áit, agus déanann machnamh ar rúndiamhra an tsaoil, rudaí ar nós ar cheart canónú Naomh Pádraig a chur ar ceal, an bhfuil an droch-chlú atá ar nathracha nimhe tuillte acu, arb iad na héanacha anamacha na ndaoine atá imithe romhainn, an bhfuil sé mí-ádhúil corp a thógáil as cónra sula n-adhlactar é agus an bhfuil a fhios againn an rud nach bhfuil a fhios againn? Ar deireadh thiar, ní féidir ach a bheith ag cuimhneamh ort féin ar an bportach.

1i.n. €10 (45 nóiméad).

Is as Co. an Chabháin é John McManus ach cónaíonn sé in Inis Meáin. Ba don raidió iad a chéad dhá dhráma No hate going to loss, agus Will you swap knees with me? Fuair sé gradam P.J. O’Connor don phéire acu agus craoladh iad ar RTÉ. Léiríodh a chuid drámaí stáitse i Nua Eabhrac, san Eastóin, sa nGearmáin agus i gCeanada agus rinne an t-aisteoir/stiúrthóir Séamus O’Rourke as Liatroim camchuairt timpeall na hÉireann leo. I measc dhrámaí eile dá chuid tá The Quare Land, Lone Wolf, The Determinator, Loophole agus The Cavan Curse.