Taispeántas grianghrafadóireachta d’Inis Oírr le linn ordaithe dianghlasála an chorónvíreas.
Iontas ar imeall na hEorpa
Fáilte go dtí Áras Éanna, ionad ealaíon atá suite ar oileán álainn Gaeltachta Inis Oirr. Ag ceiliúradh 21 bliain i 2021! Tá eolas faoi na himeachtaí san ionad anseo.
Tá Áras Éanna lonnaithe in Inis Oírr, an t-oileán is lú d’Oileáin Árann, agus is é an tIonad Ealaíon is faide siar san Eoraip é.
Is spás ealaíne ilfheidhmeach é Áras Éanna atá i bhfoirgneamh a dearadh ar dtús mar mhonarcha fíodóireachta.

Ag Glaoch ar Ealaíontóirí Cónaithe (in absentia)
Tá Áras Éanna ríméadach a fhógairt, ag tráth seo na paindéime, go bhfuil trí dheis cónaitheachta d’Ealaíontóirí (as láthair) á dtairiscint aige i bpáirt le hEalaín na Gaeltachta, Oifig Ealaíon Chomhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Ealaíon Chathair na Gaillimhe. Tá deis á thairiscint ag an ionad d’ealaíontóirí ó aon réimse ealaíona píosa oibre a chruthú, le hinspioráid agus le spiorad Inis Oírr ina n-aigne acu,agus iad sa mbaile ina dtithe nó ina stiúideonna féin.
IMEACHTAÍ AG TEACHT
Taispeántais

Lúnasa 2019: Margot Quinn
Taispeántas d’obair Margot faoi ghnáthrudaí laethúla agus d’fhéadfadh rud ar bith a bheith ann ó charnán soithigh le níochán go mainicíní ait nó ceannlíne nuachtáin.

Iúil 2019: Comh-Ealaíontóirí Mhacnas, An Criú 2
An Criú 2’ – Taispeántas d’obair ealaíne crosdhisciplíneach gan téama, gan dóigh, gan cuspóir, dealbhóireacht agus péintéireacht, físeán agus fuaim,...
Cónaitheacht

Nollaig 2019: Mick O’Dea PPRHA
Is in Inis i gCo. an Chláir a rugadh Mick O’Dea i 1958. Rinne sé a chuid staidéir i gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Dearadh BÁC, Ollscoil Massachusetts Amherst, Scoil Ealaíne Winchester i mBarcelona agus i Winchester áit ar bronnadh Máistreacht sa Mínealaín Eorpach air

Deireadh Fómhair 2019 – Toine Horvers
Is taibhealaín agus scríbhneoireacht thuairisciúil a dhéanann an t-ealaíontóir Toine Horvers. San obair thaibhitheach a dhéanann sé díríonn sé ar am agus spás go mór mór ó thaobh na disciplíní rince, ceol agus fuaimfhilíocht Sna léirithe bíonn sraith cruinn gluaiseachtaí leagtha amach, le nasc daingean idir an glór agus an ghníomhaíocht fhisiciúil, agus bíonn páirt ag daoine eile iontu go minic.

Meán Fómhair 2019: Sorcha Fox
Is aisteoir, scríbhneoir teanga labhartha agus scríbhneoir scripte de chuid Ros na Rún í Sorcha Fox. Le linn a cónaitheacht in Áras Éanna oibreoidh sí ar phíosaí nua faoi fhéiniúlacht agus áit, agus beidh siad seo i nGaeilge agus i mBéarla.
Nuacht
AN TSEAPÁIN AGUS INIS OIRR AG DAMHSA LE CHÉILE
Tá áthas an domhain ar Aras Eanna Ionad Ealaine, Inis Oirr, go bhfuil an rinceoir comhaimseartha Seapánach agus córagrafaí Akiko...
ÁIT FÁILTEACH D’EALAÍONTÓIRÍ CÓNAITHE
Agus Áras Éanna ag ceiliúradh a 21ú bliain mar ionad ealaíon i 2021, táimid ag tnúth lenár gclár Ealaíontóirí Cónaithe...
Glaoch amach do chuimhní Aras Eanna!
An bhfuil a fhios agat go bhfuil Áras Éanna Ionad Ealaíne Inis Oírr chun a 21ú breithlá a cheiliúradh i...